Ghlac an Rialtas cinneadh i 1987 deireadh a chur le Bord na Gaeilge - an eagraíocht Stáit a bhí ag plé le cur chun cinn na teanga. Bhí an cinneadh sin ina rún go dtí gur scaoileadh meamram rúnda rialtais ar an ábhar faoin Riail 30 Bliain.
De réir an mheamraim seo ón bhliain 1988, bhí sé beartaithe go nglacfadh Roinn na Gaeltachta le go leor de chúraimí an Bhoird agus go n-athrófaí a ainm go dtí an Roinn Teanga.
Bhí sé i gceist fosta go n-aistreofaí feidhmeanna áirithe ón Roinn - ar nós cur chun cinn tionslaíoch, cúrsaí tithíochta agus mara - go ranna rialtais eile.
Bhí sé i gceist chomh maith go maoineofaí na heagrais dheonacha Gaeilge le teacht isteach ón Chrannchur Náisiúnta.
Bhainfí go mór ó bhuiséad Údarás na Gaeltachta fosta.
Moladh chomh maith go gcuirfí deireadh leis an deontas a thugtaí do mhná tí Gaeltachta chun lóistín a chur ar fáil do scoláirí ó choláistí samhraidh.
Bhí sé seo uilig le tarlú mar chuid de bheartas cuíchóirithe an Rialtais chun dul i ngleic le caiteachas an Stáit.
Ceapadh coiste comhairleach i 1987 - nó an 'Bord Snip' mar a tugadh air go tarcaisneach - chun moltaí i leith ciorruithe a chur chun cinn.
Bhí cúlú mór eacnamaíochta ann ag an am agus measadh go raibh fiacha an Stáit ag leibhéal neamh-inbhuanaithe. Taoiseach an ama, Cathal Ó hEochaidh, a bhí ina Aire Gaeltachta agus bhí Donncha Ó Gallchobhair ina Aire Stáit sa Roinn.

Cathal Ó hEochaidh, 1987
An Roinn Airgeadais a mhol go gcuirfí deireadh le Bord na Gaeilge agus ghlac an Rialtas leis an mholadh sin. Rinneadh an cinneadh mar nach raibh an eagraíocht ábalta feidhmiú faoin bhuiséad a tugadh dóibh de réir meamraim rúnda rialtais. "Ní féidir leis an eagraíocht feidhmiú go héifeachtach ar chostas inacmhainne," a dúradh sa mheamram.
Bhí 23 duine fostaithe ag an Bhord ag an am. D'fhoilsigh an Bord polasaí leathan i leith chur chun cinn na teanga sa státchóras i 1983 - Plean Gníomhaíochta Ceithre Bliana don Ghaeilge. Níor tugadh aon tacaíocht airgid don phlean seo, áfach, agus bhí na heagrais Ghaeilge ag gearán nár cuireadh i bhfeidhm riamh é.
Cuireadh plean gnímh eile le chéile do na blianta 1988-91 agus measadh go mbeadh infheistíocht de leathmhilliún punt sa bhliain de dhíth chun é a chur i gcrích. Ní bheadh an t-airgead seo ar fáil, áfach, agus bhí an Roinn Airgeadais ag tuar go mbeadh an gearán céanna ag pobal na Gaeilge faoin phlean seo fosta.
Chuir Roinn na Gaeltachta fainic ar an Rialtas, áfach, go gcuirfeadh pobal na Gaeilge go fíochmhar in éadan deireadh a chur leis an eagraíocht agus go gcuirfí easpa tiomantais don teanga ina leith.
Ina áit sin, mhol an Roinn go ndéanfaí maoiniú ar an Bhord ón Chrannchur Náisiúnta ach admhaíodh go mbeadh ar an Rialtas an t-acht faoinar bunaíodh an Bord a aisghairm le hé seo a chur i gcrích.
Maidir leis na heagrais dheonacha - ar nós Gael Linn, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Conradh na Gaeilge, an Taibhdhearc agus Glór na nGael - mheas an Roinn Airgeadais nach raibh aon dualgas ar an Stát a oiread sin maoinithe a thabhairt dóibh agus dá bharr sin go bhféadfaí an maoiniú a ghearradh ina leath, nó arís eile go bhféadfaí iad a mhaoiniú le teacht isteach ón Chrannchur Náisiúnta.

An Taibhdhearc, 1985
Dúradh gur beag tionchar a bhí ag na heagrais sin ar chur chun cinn na Gaeilge i measc an phobail i gcoitinne. Arís eile, chuir Roinn na Gaeltachta a gcosa i dtaca agus dúirt go n-amharcfaí ar a leithéid de chiorrú mar "ionsaí mór ar ghluaiseacht na Gaeilge agus go maífaí go raibh an Stát ag tréigean a chuid dualgas i leith na teanga."
Mhaígh an Roinn Airgeadais gurb ionann deontas a thabhairt do mhná tí Gaeltachta agus fóirdheontas a thabhairt do thuismitheoirí a bhí ag iarraidh a gcuid páistí a chur ar laethanta saoire.
Cé go mbeadh níos lú scoláirí ag dul chun na Gaeltachta, ní bheadh aon tionchar aige seo ar chaighdeán na Gaeilge i scoileanna na tíre, dar leis an Roinn Airgeadais. Ach mhaígh Roinn na Gaeltachta nach dócha go mbeadh mórán de na coláistí samhraidh ábalta feidhmiú gan an deontas seo agus gurb é an toradh a bheadh ar chiorrú dá leithéid ná "go dtitfeadh gné thábhachtach den turasóireacht Gaeltachta go hiomlán as a chéile."
Bhíothas cáinteach fosta faoi chur chuige Údarás na Gaeltachta a bhí ag tacú le tionscail nach raibh aon fhás i ndán dóibh. Dúradh gur chóir fíricí buiséid a chur san áireamh agus an tÚdarás ag tabhairt geallúintí do lucht na dtionscal sin.
Léiríonn cáipéisí eile de chuid na Roinne Airgeadais gur tugadh sciolladh teanga don Údarás as fógra aon leathanaigh a chuir siad san iris Business and Finance. Thug fógra chomh mór agus chomh suntasach sin le fios don phobal go raibh airgead le díomailt acu, dar leis an Roinn Airgeadais.
Chuir Aire Stáit na Gaeltachta Donncha Ó Gallchobhair a chosa i dtaca maidir leis na ciorruithe a bhí beartaithe. Dúirt sé nach raibh á chaitheamh ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta ach 0.25% de chaiteachas an Stáit. Mhaígh sé go gceisteofaí coimitmint an Rialtais i leith na teanga agus na Gaeltachta dá leanfaí leis na beartais a bhí molta.
Shocraigh an Rialtas i mí Iuil 1988 go n-iarrfaí ar Roinn na Gaeltachta tuarascáil a chur i dtoll a chéile le go bhfaighfí réidh le Bord na Gaeilge agus le go n-athrófaí téarma tagartha na Roinne féin chun díriú ar an tír i gcoitinne seachas ar an Ghaeltacht amháin.
Níor cuireadh cinneadh an Rialtais i bhfeidhm riamh, áfach. Thit an Rialtas i mBealtaine na bliana 1989 agus lean Bord na Gaeilge ar aghaidh go dtí gur tháinig Foras na Gaeilge i gcomharbacht air sa bhliain 1999 mar thoradh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta.
Beidh an clár Siar 30 Bliain ar siúl ar TG4 ag 7.15 anocht