Beagáinín le cois 56% de dhaonra pharóiste Dhún Chaoin a labhraíonn Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais gach lá a thugtar le fios in anailís ata déanta ar fhigiúirí daonáirimh in iris an pharóiste Dialann Mhóire a foilsíodh an deireadh seachtaine seo.
Thug 102 duine as an 182 duine a bhí sa pharóiste ar oíche an daonáirimh 2016 go raibh an teanga á labhairt acu gach lá lasmuigh den chóras oideachais.
Tugtar le fios san anailís chomh maith go bhfuil céatadán níos airde de naíonáin agus de leanaí faoi bhun dhá bhliain déag i nDún Chaoin i gcomparáid le Ciarraí Thiar i gcoitinne, agus go bhfuil céatadán ard de dhaoine os cionn 85 bliain i nDún Chaoin chomh maith.