Ainneoin an teidil, is carúl traidisiúnta Nollag é Hymn Dhomhnach Cásca. Amhrán neamhghnách i dtaisce chultúir na hÉireann is ea Hymn Dhomhnach Cásca, ar leagan Gaeilge é den charúl Béarla The Cherry Tree Carol. 

Bailéad beannaithe atá sa charúl atá bunaithe ar thuras Mhuire, Iósaef agus an linbh Íosa sa bhroinn, agus iad ag dul go Beithil.

Le Cúige Chonnacht agus Cúige Mumhan a bhaineann Hymn Dhomhnach Cásca agus foilsímid anseo leagan as oirthear na Gaillimhe. Cuirimid i láthair den chéad uair anseo an téacs, an chaint thaifeadta agus giota den fhonn le chéile.

Maidir le teideal an amhráin, bíodh is gur carúl Nollag é, tá bás agus aiséirí Chríost luaite sna véarsaí deireanacha. Dealraíonn sé go dtugtar tosaíocht don Cháisc sa teideal mar gur féile níos tábhachtaí ná an Nollaig í ó thaobh na diagachta de sa Chríostaíocht. 

Aiséirí Chríost, freascó Biosántach i séipéal sa Chapadóic (Pic: Getty)

Eisceacht é freisin an focal Béarla 'hymn' – seachas 'iomann' – sa teideal. Sin, is cosúil, mar gheall gur ón mBéarla a tháinig an bailéad beannaithe seo isteach sa Ghaeilge a chéaduair.

Ní hé an teideal an t-aon tréith neamhghnách a bhaineann le Hymn Dhomhnach Cásca, óir is eisceacht amach is amach leagan Gaeilge d’aon bhailéad a tháinig go hÉirinnn ón iasacht, gan áireamh carúl Béarla.

Is é is bailéad ann amhrán a insíonn scéal i véarsaí gairide. Deir an saineolaí béaloidis agus amhrán an Dr Lillis Ó Laoire ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, nach raibh an téarma ‘bailéad’ in Éirinn roimh Phlandálacha an 17ú céad. Is de bhunadh Shasana (agus na Breataine) an chuid is mó de na seanbhailéid atá le fáil sa tír seo, a deir an Dr Ó Laoire.

Agus ar an gcuma sin, is ó thraidisiún Shasana a tháinig Hymn Dhomhnach Cásca chugainn. Meastar gur leis an 15ú céad – nó roimhe sin arís – a bhaineann an leagan bunaidh de The Cherry Tree Carol ach gur meascán de charúil éagsúla atá sa leagan a bhailigh an béaloideasóir Meiriceánach Francis Child i Sasana sa 19ú céad.

Carúil Nollag á gcanadh sa 19ú céad (Pic: Getty)

Is éard atá sa bhailéad cur síos ar eachtra a tharla agus Muire, Iósaef agus an leanbh Íosa sa bhroinn ar a mbealach go Beithil. Meascán den chráifeacht agus den bhéaloideas atá sa scéal a bhfuil Muire agus Críost gan locht ann ach ina léiríonn Iósaef mothúcháin dhaonna.

Ar an turas, iarrann Muire ar Iósaef silíní a bhaint de chrann di. Deir Iósaef le teann feirge léi gur chóir di iarraidh ar athair an linbh na silíní a bhaint seachas air féin. Déanann Íosa eadráin ón mbroinn agus treoraíonn sé don chrann a chraobhacha a ísliú i bhfianaise Mhuire agus na silíní a shíneadh anuas chuici. Tagann aiféala ar Iósaef faoina racht feirge agus iarrann sé maithiúnas ar a pheaca.

Mósáic Bhiosánatach ón 14ú céad de Mhuire agus Iósaef ag clárú don daonáireamh i mBeithil (Pic: Getty) 

Cuirimid ar fáil anseo leagan de Hymn Dhomhnach Cásca as oirthear na Gaillimhe – idir an téacs, an chaint thaifeadta agus giota den fhonn.

Is é Micheál Ó Concheanainn (Maidhc Cheanainn) as an Móinteach i mBaile Chláir na Gaillimhe an t-aithriseoir agus an t-amhránaí. Sa bhliain 1889 nó 1890 a rugadh Micheál.

An scoláire Ríonach Uí Ógáin a thaifead Micheál á rá ina fhocail i 1968 agus is é Ciarán Mac Mathúna ó RTÉ a thóg an fonn uaidh i 1963. An teangeolaí an tOllamh Brian Ó Curnáin ó Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath a thrascríobh dúinn é.

Hymn Dhomhnach Cásca á aithris ag Micheál Ó Concheanainn, 1968 (Cnuasach Bhéaloideas Éireann) (Pictiúir: Getty)

I

Trí fichid bliain a bhí Naomh Jósap,

An uair a fuaigh sé ag treorú Mhuire Mháthair,

Is é a fuair an dántas

ab fhearr ná na dáintí.

II

Dhiúltaigh sé dhon choróin

agus dhon ór a bhí ag Rí Dáithí

Agus b’fhearr leis go mór mór sin

Agus a dhul ag treorú Mhuire Mháthair.

III

A Mhuire Mháthair agus a Mhuire Mháthair

Agus a Mhuire Mháthair faoi dhó,

Agus a Mhuire Mháthair a fuair na grásta

go saora tú an domhan mór.

IV

Lá dhe na laethe dhá raibh an cúpla

ag siúl thríd an ngairdín

Bhí seilíní úra ann,

crainn úllaí agus bláistí.

V

Chuir Muire ansin dúil

agus tnúth mór sa láthair,

I mbaladh na n‑úllaí

a bhí ansin go cumhraí ón Ard-Rí.

VI

Ansin a labhair Muire Mháthair

dhe chomhrá lag fann,

‘Tabhair dhom,’ a deir sí ‘cuide dhe na torthaí

atá ag fás ar an gcrann!

VII

Tabhair dom mo sháith acubh,

mar tá mé lag fann,

Agus tá tobar na ngrásta

ag fás faoi mo bhroinn.’

VIII

Ansin a labhair Naomh Jósap

dhe chomhrá lag mall.

‘Ní domhsa,’ a deir sé, ‘is córta sin,

agus ní heol dom do chlann.

IX

Tóraigh é sin ar athair do linbh,

ós air atá tú teann,

Agus tugadh sé mian do chroí dhuit,

glan díreach ón gcrann!’

X

Ansin a labhair an leanbh Íosa

bhí go naofa faoina broinn,

‘Ísligh,’ a deir sé,

‘ina fianais, a chrainn!’

XI

D’umhlaígh an crann síos duiche,

ina fianais gan mhoill,

Nó go bhfuair sí mian a croí istigh

glan díreach ón gcrann.

XII

Nuair a chualaigh agus a chainic Naomh Jósap sin,

Chaith sé é héin faoin talamh.

Agus thóraigh sé maiteanas ar Rí na nGrásta,

faoi go ndearna sé an peaca.

XIII

'Téirigh abhaile,' a deir sé, 'a Naomh Máire,

Agus luigh ar do leaba

Nó go dtéighe mé go Cathair Bheithile,

Go bhfaighe mé maiteanas in mo pheaca.'

XIV

'Ní rachaidh mé abhaile,' a deir Naomh Máire,

'Agus ní luighfidh mé ar mo leaba.

Tá cuntas anois agam ó Rí na nGrásta

go bhfuil tú tarrthaíthe in do pheaca.'

XV

Trí lá ansin ón lá sin

a bhí siad ag goil thrí Chathair Bheithile,

Ag tóraíocht ar lóistín

ach ní bhfuair siad aon fhóirthint.

XVI

Nó gur casadh iad insa stáiblín

nach raibh díon air ná fascadh

Agus gur rugadh an leanbh Íosa

Eidir bullán agus asal.

XVII

Trí lá ansin ón lá sin

d'fhiafraigh Muire dhá leanbh,

'A leanbh, a mhic mo chroí,' a deir sí,

'Anois céard dhéanfas muid feasta?'

XVIII

'Beidh mé Dé Céadaoin,' a deir sé,

'ar mo chaomhaint ar mo námhaid.

Agus díolfaíor Déardaoin mé

ar dheich bpíosa fichead dhen airgead bán seo.

XIX

Buailfíor orm Dé hAoine

deich gcéad míle buille

dhe sciúirsí craoibhe

nó go mbeidh an braon uasal

a bheas in m'uachtar

ag goil síos lé mo shálaí.

XX

Cuirfíor spílí maola

thrí mo chosaí agus thrí mo lámhaí.

Cuirfíor orm an choróin spíontaí

ag tabhairt spídiúlacht bás dom.

Ach déanfaidh mé an aiséirí ghlórmhar

Domhnach geal Cásca.'

Giota ó Hymn Dhomhnach Cásca á chanadh ag Micheál Ó Concheanainn, 1963 (Cartlann RTÉ) (Pictiúir: Getty)

Tá teidil eile sa traidisiún Gaeilge ar Hymn Dhomhnach Cásca – Tuireamh Chríosta, Tora Chríosta, Muire agus Naomh Ióseph, agus Dán Naomh Sheosaimh agus an Mhaighdean ina measc.

Foilsíodh leagan den amhrán faoin teideal Muire agus Naomh Ióseph in Abhráin diadha Chúige Connacht le Dubhghlas de hÍde sa bhliain 1906. Faisnéiseoirí as iarthuaisceart Mhaigh Eo an fhoinse a bhí aige.

Agus tá leagan eile fós as an Móinteach, Baile Chláir na Gaillimhe, den bhailéad i lámhscríbhínn a cheannaigh an béaloideasóir Séamus Ó Duilearga ó bhean ar an mbaile i 1932 agus atá á coimeád i gCnuasach Bhéaloideas Éireann. I litriú an Bhéarla atá sí scríofa agus is é Tomá(i)s(ín) Bacach Ó Dúgáin a chuir ar phár.

Deir an scoláire William Mahon, a d'aimsigh an t-amhrán sa lámhscríbhinn, go gceapann sé gur idir 1800 agus 1815 a rugadh an Dúgánach seo. Múinteoir i scoil scairte ar an Móinteach a bhí ann agus bhásaigh sé sa bhliain 1874, a deir Mahon. Foilsímid anseo an chéad dá véarsa de leagan Uí Dhúgáin chomh maith le híomhá ón lámhscríbhinn de na véarsaí tosaigh.

Tree Scoure vee ig Joseph o

Naure fause She muiry waher

mur is igey vee in na toretunus

Bare na na dantey

Yuletey Shea in tor

7 in croan vee ig daihee

7 gue mare les deena aulish

7 troare O gue vareeye

(Trí scóir bhí ag Jósaf ó!

nuair a phós sé Muire Mháthair.

Mar is aige a bhí na tabhartanais

ab fhearr ná na táinte.

Dhiúltaigh sé an t‑ór

agus an choróin a bhí ag Dáithí.

Agus go mb'fhearr leis ag déanamh eolais

agus treoir ó! do Mháría [nó  Mháire].)

Hymn Dhomhnach Cásca, nó Tora Chríosta, ó Leabhar Thomáis Bhacaigh Uí Dhúgáin, 1853 (Pic: Cnuasach Bhéaloideas Éireann)

Deir an tOllamh Ó Curnáin go bhfuil cosúlachtaí agus difríochtaí idir leaganacha Mhichíl Uí Choncheanainn, Dhubhghlais de hÍde agus Thomáis Uí Dhúgáin, agus gur léir go bhfuil siad roinnt neamhspleách ar a chéile.

"Ar an Móinteach a bhí Micheál Ó Concheanainn agus lámhscríbhínn Uí Dhúgáin araon agus tá cainteanna i leagan Mhichíl atá ag teacht le leabhar Uí Dhúgáin ach, chomh maith céanna, tá roinnt i leagan Mhichíl atá neamhspleách ar leagan Uí Dhúgáin. Fágann sin go dtagann leagan Mhichíl le leaganacha eile – leagan de hÍde ina measc – neamhspleách ar leabhar Uí Dhúgáin roinnt mhaith."

Thaifead roinnt amhránaithe nua-aoiseacha – leithéidí Joan Baez, Sting agus Annie Lennox a leaganacha féin den charúl – agus tá leagan breá freisin ag Jean Ritchie a fuair sí, b'fhéidir, ó na deartháireacha Clancy. Ní luaitear an Cháisc in aon cheann de na leaganacha sin.

Deir an tOllamh Ó Curnáin bíodh is gur carúl Béarla ó thús é Hymn Dhomhnach Cásca go bhfuil fianaise ó na Meánaoiseanna i leith go raibh eolas in Éirinn ar na scéalta a cumadh de bhreis ar an Nua-Thiomna canónta a dtugtar na scéalta apacrafúla orthu.

"Tá an traidisiún meánaoiseach Gaelach sin measctha trí fhoinse an charúil Bhéarla a gaelaíodh i Hymn Dhomhnach Cásca. Bhaineadh na bráithre Doiminiceacha agus Proinsiasacha leas as na scéalta daonna breise seo ina gcuid seanmóirí Gaeilge ar fud na hÉireann."

Bhí feidhm theagascúil le Hymn Dhomhnach Cásca in Éirinn mar sin, agus is geall le fáthscéal daonna é faoi pheaca, aithrí agus mhaithiúnas.