skip to main content

Athruithe ar iarratais ar phasanna ó inniu

Tá athruithe ar an gcaoi a gcuireann daoine isteach ar phasanna taistil ar líne i bhfeidhm inniu.

Ón lá inniu ar aghaidh, ba chóir go mbeadh an córas nua níos gasta agus níos saoire.

Beidh cead feasta ag aon Éireannach in aon áit ar domhan iarratas ar phas a dhéanamh ar líne 24 uair sa ló, seacht lá na seachtaine.

Den chéad uair ó tugadh isteach an córas digiteach, beidh cead pasanna do leanaí a athnuachan ar líne.