skip to main content

An t-amhránaí sean-nóis mór le rá Nan Ghriallais tar éis bháis

Nan Ghriallais
Nan Ghriallais

Tá an t-amhránaí sean-nóis mór le rá as Conamara Nan Ghriallais tar éis bháis. Bhí sí tinn le tamall.

Duine de mhuintir Ghriallais as Muiceanach Idir Dhá Sháile i bparóiste Chill Chuimín ab ea Nan, nó Áine Bean Uí Fhátharta mar a tugadh uirthi freisin, agus sa bhaile a d'fhoghlaim sí na hamhráin. 

Tá an-cháil ar a deirfiúracha Sarah (Sorcha) agus Nóra freisin. Idir an triúr acu, bhuaigh siad Corn Uí Riada cuig huaire ag Oireachtas na Gaeilge. Ba í Nan an chéad duine den triúr a bhuaigh an comórtas sin - i mBaile Átha Ciath sa bhliain 1973.  

Tá an corn buaite ag mac Sarah - Michael - chomh maith agus ag a neacht Celia Ní Fhátharta.   

Chaith Nan Ghriallais blianta fada ar deoraíocht - idir Meiriceá agus Sasana - sular thosaigh sí ag obair i Raidió na Gaeltachta i gCasla sa bhliain 1972. D'éirigh sí as sa bhliain 1992.

Bhíodh Nan le cloisteáil go minic ar chláir raidió ag casadh amhráin sean-nóis agus le feiceáil ar neart clár teilifíse ar RTÉ agus TG4.

Deireadh sí go raibh sé an-tábhachtach croí agus anam a chur in amhrán le dul i gcion ar an lucht éisteachta agus nach raibh aon mhaith a bheith á rá ar nós cuma liom.

Maireann a beirt mac, seachtar deirfiúracha agus a garchlann.