skip to main content

'Ní féidir an dréacht-shocrú a athrú' - Leo Varadkar

An Taoiseach Leo Varadkar sa Charnán i mBaile Átha Cliath tráthnóna
An Taoiseach Leo Varadkar sa Charnán i mBaile Átha Cliath tráthnóna

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar tráthnóna go gcuirfeadh aon athbhreithniú ar an dréacht-shócrú ar dhealú na Breataine ón Aontas Eorpach an comhaontú sin ó mhaith.

Dúirt sé dá ndéanfaí aon athrú ar an dréacht-shocrú go bhféadfadh sé ar fad titim as a chéile.

Nuair a bheas mionstaidéar déanta ag feisirí parlaiminte na Breataine ar an socrú, a dúirt sé, b'fhéidir go dtacódh tuilleadh díobh leis.

Mhaígh sé gurb é an margadh atá molta an t-aon bhealach le teorainn chrua sa tír seo a sheachaint.

Dúirt an Taoiseach freisin go mbeadh cúrsaí ina gcíor thuathail mura mbeadh aon mhargadh ann, agus go dtiocfadh rialacha agus treoracha na hEagraíochta Domhanda Trádála i bhfeidhm.

Tráthnóna, d'fhógair Príomh-Aire na Breataine Theresa May go bhfuil duine nua - Steve Barclay - ceaptha ina Aire Breatimeachta aici tar éis do Dominic Raab éirí as an bpost sin inné.