Tá bachall easpaig nó aba ón meánaois a fuarthas i bportach i gCo Chill Dara sa 19ú céad ar taispeáint in Ard-Mhúsaem na hÉireann ó inniu.
Uair éigin idir an 9ú céad agus an 11ú céad a rinneadh an bhachall atá 1.34 méadar ar airde. Tá sí ar an mbachall is airde de na bachalla ón meánaois luath dá bhfuil fanta.
Go deimhin, is í an bhachall is sine, is iomláine agus is cruinne ó thaobh dáta de a fuarthas in Éirinn nó sa Bhreatain go dtí seo.
Thángthas uirthi i bportach láimh leis an gCorrchoill, Co Chill Dara, sa bhliain 1839, agus tá sí faoi chúram na nÍosánach i gColáiste Choill Chluana Gabhann ó shin.

Pic: Le caoinchead Ard-Mhúsaem na hÉireann
Tá inscríbhinn sa Laidin ar Bhachall na Corrchoille a thugann le fios go raibh baint aici ag tráth éigin le Mainistir Mhuire i mBaile Átha Cliath:
Sanc[t]ae
Mar[i]ae
Du[bl]i[n]iae
Tá iarsmaí de Mhainistir Mhuire fós ar Lána Theach an Tionóil i lár na cathrach.
Siombail mhór cumhachta ab ea an bhachall. Cruth chaimín an aoire atá uirthi agus is siombail í de ról tréadach na hEaglaise i leith an phobail.
Dúirt cathaoirleach Bhord Ard-Mhúsaem na hÉireann, Catherine Heaney gur "cuid dár n-oidhreacht shaibhir mheánaoiseach í Bachall na Corrchoille ón saol Críostaí in Éirinn; comhartha d’áit lárnach na hÉireann mar láthair foghlama agus scoláireachta san Eoraip."