skip to main content

An ceoltóir iomráiteach Mícheál Ó Súilleabháin adhlactha

An tUachtarán ag déanamh a bhealach isteach d'Aifreann Éagnairce Mhíchíl Uí Shuilleabháin
An tUachtarán ag déanamh a bhealach isteach d'Aifreann Éagnairce Mhíchíl Uí Shuilleabháin

Tá an tUachtarán Michael D.Higgins i measc na ndaoine i láthair ag sochraid an cheoltóra, Mícheál Ó Súilleabháin i gCo.An Chláir.

Bhásaigh an tOllamh Ó Súilleabháin Dé Céadaoin seo caite i ndiaidh dó a bheith tinn le fada.

Bhí aithne mhaith ag an Uachtarán ar Mhícheál Ó Súilleabháin agus ba dhlúthchairde iad feadh na mblianta.

Is í an tsochraid an chéad ócáid phoiblí ag a bhfuil an tUachtarán i láthair ó hinsealbhaíodh inné é dá dhara téarma.

Slua mór lasmuigh de Shéipéal Naomh Senan

An tOllamh Mícheál Ó Súilleabháin, ar shlí na fírinne ón gCéadaoin seo caite

Is i Séipéal Naomh Senan i gCill Rois atá an tAifreann éagnairce agus níl aon ghanntan ceoltóirí ar an láthair inniu, ina measc Iarla Ó Lionáird, Lillis O'Laoire agus Síle Denvir.