Ba cheart go mbeadh sé leagtha síos go soiléir sa dlí go gcaithfeadh Gaoluinn a bheith ag Oifigigh Stáit a bhíonn ag déileáil le muintir na Gaeltachta.
Sin a dúirt an Coimisinéir Teangan Rónán Ó Domhnaill i mBaile Bhúirne inniu, áit ar seoladh go hoifigiúil ''Clár Ildánach Chontae Chorcaí''.
Dúirt sé ós rud é go bhfuil brú ar phobal na Gaeltachta iad fhéin anois, pleananna teangan a chur chun cinn, go gceart don Stát a gcuid fhéin a dhéanamh chomh maith chun chinntiú go bhfuilid ag seasamh le muintir na Gaeltachta.
Seoladh Clár Ildánach Chontae Chorcaí inniu in Ostán Ghobnatan i mBaile Bhúirne.
Labhair An Coiminiséir Teanga Rónán Ó Domhnaill ag an ocáid faoin laghdú atá tagtha ar líon na gcainteoirí Ghaelainne sa dúthaigh - 11% i gcás Gaeltacht Mhuscraí.
Tá sé ag lorg gealliúint láidir ón Stáit i dtaobh seirbhisí dóibh siúd atá lonnaithe sa Ghaeltacht.
Tá an Ghaelainn luaite go láidir ins na himeachtaí atá beartaithe sa chlár ildánach i gCorcaigh i mbliana - ina measc scéim do scannánóirí óga.