skip to main content

Sorcha Ní Chéilleachair i gceannas Thuismitheoirí na Gaeltachta

Sorcha Ní Chéilleachair ceaptha ina Ceannasaí ar an eagraíocht Tuismitheoirí Na Gaeltachta
Sorcha Ní Chéilleachair ceaptha ina Ceannasaí ar an eagraíocht Tuismitheoirí Na Gaeltachta

Tá Sorcha Ní Chéilleachair, craoltóir le Raidió na Gaeltachta, ceaptha ina ceannasaí ar Thuismitheoirí na Gaeltachta. As Rinn Ó gCuanach i nGaeltacht na nDéise ó dhúchas di.  

Tá sí ag cur fúithi ar an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara le fada, áit a bhfuil a clann á tógáil aici agus ag a fear céile Colm Mac Donnacha.  

Bunaíodh Tuismitheoirí na Gaeltachta seacht mbliain ó shin. Fógraíodh anuraidh deontas breis is €1m thar thréimhse 3 bliana don eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta, a bhfuil sé de chúram orthu tacú le teaghlaigh Ghaeltachta atá ag iarraidh a leanaí a thógáil trí Ghaeilge.