Tá bean os cionn 40 bliain d'aois fós á ceistiú ag Gardaí a bhfuil fiosrúchán ar bun acu faoi bhás fir idir 20 agus 30 bliain ar fritheadh a chorp i dteach i ndeisceart Bhaile Átha Cliath aréir.
Fuarthas corp an fhir sa teach i bPlásóga na dTúdarach i gCarraig an tSionnaigh ag thart ar 11.30 aréir.
Tá scrúdú iarbháis le déanamh air ach tuigtear gur bhásaigh sé de bharr a sháite. Tuigtear gur ionsaí fíorbhúidiúil a rinneadh air.
Meastar gur eachtrannaigh a bhí ag cur fúthu sa teach a bhí ligthe ar cíos.
Tá an bhean a gabhadh á ceistiú i stáisiún Gardaí Dhún Laoghaire.
Tá na Gardaí ag achainí ar aon duine a chonaic aon cheo amhrasach sa cheantar aréir nó a bhfuil aon eolas acu teagmháil a dhéanamh leo.