skip to main content

Séanta ag Marian Price gurb í a scaoil marbh Jean McConville

Chuir dlíadóir Marian Price ráiteas ar fáil ag séanadh na líomhna.
Chuir dlíadóir Marian Price ráiteas ar fáil ag séanadh na líomhna.

Tá sé séanta ag an phoblachtánach Marian Price gurb í a scaoil marbh Jean McConville i 1972.

Déantar líomaint i gcoinne Marian Price i leabhar nua atá scríofa ag iriseoir sna Stáit Aontaithe.

D'admhaigh Dolours Price, a fuair bás in 2013 gur thiomáin sí Jean McConville chuig a bás agus go raibh beirt eile ina teannta nuair a maríodh í.

Sa leabhar nua le Patrick Radden Keefe, deirtear ann gur deirfiúr Dolours, Marian a scaoil marbh Jean McConville.

Chuir dlíadóir Marian Price ráiteas ar fáil ag séanadh na líomhna.

Fágadh deichniúr páistí gan tuismitheoir nuair a d'fhuadaigh agus mharaigh an tIRA Jean McConville i 1972.

Fágadh deichniúr páistí ina diaidh nuair a dúnmharaíodh Jean McConville

Baintreach 38 bliain d'aois ab ea inti.

Bhí cónaí uirthi in arásáin Dubhaise in iarthar Bhéal Feirste.

Chuir an tIRA ina leith gur brathadóir d'Arm na Breataine a bhí inti.

Scríobh Patrick Radden Keefe an leabhar bunaithe ar thaighde a rinne Coláiste Bhostún chomh maith le foinse eile nach bhfuil ainmnithe.

Ni raibh sochraid Jean McConville ann go dtí beagnach 30 bliain i ndiaidh a dúnmharaithe nuair a thangthas ar a corp ar thrá i gCo Lú in 2003.

Ceistíodh Iar-Uachtarán Shinn Féin Gerry Adams faoi dhúnmharú Jean McConville ceithre bliana ó shin.

Mhaígh Gerry Adams go raibh tromlach na fianaise a cuireadh roimhe bunaithe ar agallaimh ó théipeanna Choláiste Bostún, agallaimh a deir seisean a rinneadh le  daoine atá i gcoinne phróiseas na síochána.

Tá cáineadh déanta ag Marian Price ar Shinn Féin agus ar phróiséas na síochána.

Bhí dúnmharú Jean McConville i measc na gcinn ba chonspóidí le linn na dtrioblóidí.

Dúirt mac Jean McConville, Michael go mbeidh cruinniú éigeandála á lorg aige leis an PSNI faoin méid atá sa leabhar nua.

Dúirt mac Jean McConville go mbeidh cruinniú éigeandála á lorg aige leis an PSNI faoin eolas atá sa leabhar.