skip to main content

104 fuinneog briste ar Shéipéal i dTulach Mhór

Pictiúr le Google Maps
Pictiúr le Google Maps

Tá fiosrúchán ar bun ag Gardaí maidir le heachtra inar briseadh breis agus 100 fuinneog ar Shéipéal i dTulach Mhór i gContae Uíbh Fháilí.

Tharla an eachtra ag Séipéal Naomh Caitríona i dTulach Mhór.

Tuigtear gur briseadh 104 fuinneog ar an Séipéal idir Dé Luain agus maidin Dé Céadaoin.

Meastar go gcosnóidh sé suas le €70,000 leis na fuinneoga a chóiriú agus chun córas slándála a chur i bhfeidhm.