skip to main content

Gaelscoil Shliabh Rua ag fanacht le scéala

Gaelscoil Shliabh Rua, Baile Átha Cliath
Gaelscoil Shliabh Rua, Baile Átha Cliath

Tá Gaelscoil Shliabh Rua suite ar thalamh crochta gar do Chill Tiarnáin agus don Chéim i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. 

Tá sí ar cheann de na scoileanna a thóg Western Building Systems in achar réasúnta gairid agus tá sí ar cheann den 42 scoil a bhfuil scrúduithe struchtúrtha le déanamh orthu. 

Bliain a thóg sé ar WBS an scoil a thógáil faoi scéim speisialta na Roinne Oideachais agus osclaíodh í in Aibreán na bliana 2015.

Dúirt Ruth Eadie, príomhoide na scoile, go ndearna an Roinn teagmháil leo inné faoin scéal.  

"Déanfaidh cigirí struchtúr na scoile a mheas go luath, ach beidh muid ag leanúint le gnáthimeachtaí na scoile idir an dá linn go dtí go bhfaighfidh muid malairt treorach ón Roinn. 

Bhí roinnt tuismitheoirí i dteagmháil linn agus imní orthu maidir cúrsaí sábháilte agus slándala a bpaistí. Cinnte tá sé thar a bheith gaofar anseo, tá muid suite ar láthair atá sceirdiúil ach níl aon chúis imní ormsa faoi struchtúr na scoile faoi láthair.  

Ní heol domsa go ndearna na stoirmeacha a bhí againn le gairid aon dochar don scoil."

Tagann 9 scoil den 42 faoi choimirce an Fhorais Phátrúnachta agus beidh cruinniú ag ionadaithe ón bhForas le hoifigigh na Roinne Oideachas amárach leis an scéal a phlé.

Dúirt Caoimhín Ó hEaghra ón bhForas Pátrúnachta go bhfuil líon ard Gaelscoileanna i gceist mar go bhfuil go leor acu bunaithe le deireanaí. 

"Bhí brú ollmhór ar an Roinn foirgnimh scoile a sholáthar le roinnt blianta anuas agus tá imní ann anois maidir le sábhailteacht na bhfoirgneamh.

Ní féidir linn mórán a dhéanamh go dtí go ndéanfaidh an Roinn measúnú ar na scoileanna idir seo agus deireadh an bhriseadh lár téarma. Cinnte, is ábhar imní atá ann do na scoileanna seo faoi láthair."