Tá taisce óir a fuarthas i gCo Dhún na nGall ag tús an tsamhraidh curtha ar taispeáint in Ard-Mhúsaem na hÉireann ó inniu.
Leis an gCré-umhaois Dhéanach (1200-500 RCh) a bhaineann na bráisléid óir neasfháinnneacha a fuarthas i dTulach Uí Dhónaill in aice le Conmhaigh in oirthear an chontae i mí an Mheithimh.
Ar thalamh atá ar léas ag feirmeoir áitiuil Norman Witherow a thángthas ar na ceithre bráisléid. Bhí an talamh á dhraenáil ag meitheal oibre nuair a aimsíodh an taisce.
Bhí na muincí dóide - nó na bráisléid - clúdaithe le láib agus d'fhág Norman ina charr iad ar feadh tamaill sular chuir sé fios ar shaineolaithe ón Ard-Mhúsaem.

Norman Witherow agus a bheirt gharpháistí taobh leis ag an taispeántas
Dúirt coimeádaí an Mhúsaem Judith McCarthy gur taisce ar leith í atá fíorthábhachtach.
Tá beagnach naoi bpunt meáchain sna faileanna agus tá sí ar cheann de na taiscí óir is troime a fuarthas riamh sa tír seo.
Cuirfear an taisce ar taispeáint i Músaem Chontae Dhún na nGall i Leitir Ceanainn an bhliain seo chugainn.