Cúirt an Mheán Oíche – íomhánna ó na lámhscríbhinní. Is féidir scéal na lámhscríbhinní a léamh anseo.

Foilsítear anseo cúig íomhá ó leagan Éamainn Uí Orchaidh de Chúirt an Mheán Oíche. Tá an chéad leathanach agus an leathanach deireanach ina measc. Tá an lámhscríbhinn – 23 Q 18 – i seilbh Acadamh Ríoga Éireann. Foilsítear na leathanaigh anseo le cead an Acadaimh.

Foilsítear anseo cúig íomhá ó leagan de Chúirt an Mheán Oíche i lámh Brian Merriman. Tagann ord na leathanach thíos leis na leathanaigh ó leagan Uí Orchaidh thuas. Tá an lámhscríbhinn –  MS 6562 – i seilbh Leabharlann Ollscoil Cambridge. Foilsítear na leathanaigh anseo le cead Shiondeaca na Leabharlainne.