Dúirt Rúnaí na Breatimeachta, Dominic Raab, go mba fhéidir nach mbeadh aon rogha ag an Ríocht Aontaithe ach an tAontas Eorpach (AE) a fhágáil gan margadh.
'Sin má dhéantar iarracht aonad custaim a bhrú air' a dúirt sé.
Dúirt Dominic Raab sin ag óráid a thug sé ag Comhdháil an Pháirtí Caomhaigh i Birmingham.

Ceannaire na gCaomhach sa Bhreatain, An Príomh Aire Theresa May ag an gcomhdháil
Dúirt sé nach n-oibreodh 'tromaíocht' ón AE ar an mBreatain, agus 'go gcaithfeadh aon socrú caitheamh go cóir le chuile cheard den Ríocht Aontaithe.
Tá an páirtí Caomhach scoilte i dtaca leis an Bhreatimeacht faoi láthair.

Márta 2019 atá sé i gceist ag an Bhreatain an AE a fhágáil faoi Airteagal a 50
Tá ceannaire na gCaomhach, Theresa May ag rá go bhfuil bunús fós lena plean 'Chequers' féin a leagann amach an caidreamh idir an Ríocht Aontaithe agus an AE, i ndiaidh an 29ú Márta 2019.
Sin an dáta a bhfuil sé i gceist 'Brexit' a chur i bhfeidhm.

Boris Johnson
Tá iar-mhéara Londain, Boris Johnson cáinteach faoi 'chequers', ag rá go bhfuil slí níos fearr ann don Bhreatain.
Is gearr uainn anois an Cruinniú Mullaigh idir thíortha an AE, ina bhfuil sé i gceist an margadh faoina bhfágfaidh an Bhreatain an tAontas a shocrú.