skip to main content

Gardaí ag caint le daoine i nDairbhre faoi 'Leanaí Chiarraí'

Gardaí i nDairbhre inniu
Gardaí i nDairbhre inniu

Tá Gardaí ag dul ó dhoras go doras i nDairbhre, Co Ciarraí, inniu ag labhairt leis an bpobal ansin faoi chás na naíonán a fuarthas marbh sa chontae i 1984.

Tá athbhreithniú á dhéanamh ag na Gardaí ar an bhfiosrúchán dúnmharaithe a rinneadh nuair a tháinig corp naíonáin i dtír ar an Trá Bhán i gCathair Saidhbhín i 1984. Ní raibh an leanbh ach cúpla lá d’aois agus tugadh 'John' air ina dhiaidh sin.

Ba léir gur sádh an leanbh roinnt uaireanta ach ní fios go fóill cér leis é nó cé a mharaigh é.

Aimsíodh naíonán eile go gairid ina dhiaidh sin ar fheirm gar do Mhainistir Ó dTorna. 

Cuisíodh bean áitiúil Joanne Hayes i ndúnmharú an chéad leanbh. Tugadh cás 'Leanaí Chiarraí' ar an dá chás.

Faoi threoir an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, tarraingíodh siar na cúiseanna in aghaidh Joanne Hayes agus na cúiseanna a cuireadh i leith ceathrar gaol léi. Bhí sé curtha ina leith siúd gur cheil siad breith an linbh. 

Ag tús na bliana seo a chuir na Gardaí tús lena n-athbhreithniú ar an gcás. 

Dúirt an Ceannfort Flor Murphy atá i gceannas an fhiosrúcháin go bhfuil obair mhór ar bun ag na Gardaí ó mhí Eanáir. Tá 9,000 uair an chloig curtha isteach acu agus tá 225 gné éagsúil a bhfiosrú acu.

Tá tástálacha DNA á ndéanamh acu agus tá béim mhór ar an ngné sin den fhiosrúchán.