Tuigtear do Nuacht RTÉ/TG4 go bhfuil tuarascáil atá curtha i dtoll a chéile maidir le cuntais airgeadais Choiste Contae Chumann Lúthchleas Gael na Gaillimhe ina mórábhar conspóide i measc oifigigh shinsearacha ansin.
Tuigtear go bhfuil cóip den tuarascáil seo faighte agus feicthe ag bainisteoirí sinsearach i bPáirc an Chrócaigh agus go bhfuil aiseolas seolta ar ais chuig Coiste Contae na Gaillimhe acu.
Beidh tuilleadh faoin scéal seo ar Nuacht TG4 ag 7 a chlog.