skip to main content

Gan aon daltaí ag freastal ar scoil náisiúnta in Acaill

Scoil Náisiúnta Bhéal an Bhulláin
Scoil Náisiúnta Bhéal an Bhulláin

Níl aon daltaí ag freastal ar Scoil Náisiúnta Bhéal an Bhulláin in Acaill, Co Mhaigh Eo, ó d'oscail sí Dé Luain seo caite agus tá beirt mhúinteoirí na scoile díomhaoin dá bharr. Níl a fhios go poiblí cén fáth, áfach. 

Bhí 16 dalta ceaptha freastal ar an scoil i ndiaidh shaoire an tsamhraidh ach níor tháinig ar ais ach duine amháin.

Tá sé tugtha le fios ag Stiúrthóir Oideachais Ard-Deoise Thuama an Moinsíneoir O’Boyle do Nuacht RTÉ/TG4 go bhfuil an dalta sin anois imithe as an scoil freisin agus go bhfuil na daltaí ar fad a bhí sa scoil imithe go dtí scoileanna eile in Acaill.

I mí na Bealtaine 2017, rinne an Roinn Oideachais measúnacht scoile iomlán ar Scoil Náisiúnta Bhéal an Bhulláin agus rinneadh cáineadh ann ar an mbord bainistíochta agus ar bhainistíocht na scoile.

Dúradh sa tuairisc nach raibh ar chumas na ndaltaí comhrá le chéile i nGaeilge cé gur scoil Ghaeltachta a bhí inti agus gur Béarla a bhí á labhairt sa rang. 

I ráiteas a thug an Roinn Oideachais do Nuacht RTÉ/TG4 inniu, dúradh go bhfuil an Roinn fós i dteagmháil le húdaráis na scoile agus le pátrún na scoile faoi na nithe atá tagtha chun cinn le deireanaí.

Rinne Nuacht RTÉ/TG4 teagmháil leis an scoil ach ní raibh siad sásta aon ní a rá linn.