Bhailigh na daoine i lár bhaile Thuama i gcuimhne na leanaí ar fad a deirtear atá adhlactha gan paidir gan cónair ag láthair an tí do mháithreacha agus páistí.
Shiúil siad ina dtost chuig an áit a bhfuarthas na taisí, caite i ndabhach séarachais.
Daoine ag bailiú i dTuaim
Bhí suas le 1,000 duine i láthair.
Rinne siad é seo, tráth a bhfuil Aifreann ag an bPápa i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath.
I measc na ndaoine a bhí i láthair bhí an stairí, Catherine Corless, a bhfuil obair mhór déanta aici ag tabhairt an scéil seo chun solais.
Ainmneacha in airde de mháithreacha a cuireadh in uaigheanna gan mharcáil
Dúirt sise go raibh díomá uirthi nár luaigh an Pápa na leanaí seo agus é ag tagairt don mhí-úsáid gnéis i gcaitheamh an deireadh seachtaine, go háirithe is é i gCnoc Mhuire in aice láimhe.
'Gníomh seachas paidreacha a bhí ag teastáil uathu siúd a tháinig slán ó mhí-usáid thar na mblianta' a dúirt sí.
D'aithris siad ainmneacha an 796 leanbh, a gcreidtear iad a bheith curtha ar an láthair sin, tráth a raibh teach an Bon Secours i dTuaim.
Liosta d'ainmneacha na bpáistí ar fad
Las siad coinneal i gcuimhne orthu freisin.
Ainmneacha na bpáistí ar na bráillíní
Leag siad dealbh, a bhfuil cruth umar baiste air, ag an láthair seo freisin.