'Bhí deis ag an bPápa inniu insint faoina céimeanna a thógfaidh an Vatacáin chun déileáil le coiriúlacht na mí-úsáidte gnéis san Eaglais, ach theip air sin a rá'.
Sin a dúirt an eagraíocht One in Four, ag tagairt do aitheasc an Phápa.
Ba i gCaisleán Bhaile Átha Cliath a bhí an Pápa ag labhairt.
Stiúrthóir Feidhmiúcháin One in Four, Maeve Lewis
Dúirt Stiúrthóir Feidhmiúcháin One in Four, Maeve Lewis, go bhfuil a fhios ag an Vatacáin faoin scannal seo ó thús na n-ochtóidí, ach nach bhfuil tada déanta aige chun dul i ngleic leis.
Dúirt sí go bhfuil na mílte cód aige faoi líomhaintí ar mhí-úsáid ghnéis, ach nach bhfuil oiread is ceann tugtha ar lámh aige do na húdaráis síbhialta.
Dúirt sí freisin nach bhfuil aon Phápa tar éis freagracht a ghlacadh as an scannal seo.
Cháin Colm O'Gorman, fear a d'fhulaing mí-úsáid gnéis freisin, aitheasc an Phápa, ag rá nár dhírigh sé i gceart ar an gceist chonspóideach seo.
Colm O'Gorman cáinteach freisin
'Níor thug an Pápa an t-aitheantas cuí do na coireanna seo a tharla, agus níor ghlac sé aon fhreagracht as an mhí-úsáid ná an bealach a ndearnadh sin a cheilt' a dúirt O'Gorman.
D'admhaigh ceannaire Fhianna Fáil, Mícheál Martin go raibh an Pápa Proinsias soiléir ina cháineadh ar an mhí-úsáid, 'ach go bhfáilteofaí go mór dá léireodh sé cén gníomh a thiocfadh ón Vatacáin anois, ní nár tharla' a dúirt Mícheál Martin.