Tá an t-amhránaí clúiteach, Aretha Franklin tar éis bháis.

76 bliain d'aois a bhí an bhean seo ó Detroit sna Stáit Aontaithe a thug taitneamh agus pléisiúr do na milliúin duine a bhuíochas dá ceol 'Soul', 'Jazz' agus 'pop'.

'Queen of Soul' an leasainm a bhí ar an amhránaí seo a rugadh i Memphis, Stát Tennessee ach a tógadh i gcathair Detroit.

Áirítear gur dhíol sí breis is 75 milliún ceirnín go domhanda, agus ba mhinic í ina príomh aoí ag ceolchoirmeacha freisin.

Ba díol ionspioráide í féin agus a cuid amhránaíochta dóibh siúd i ngluaiseachtaí cearta síbhialta chomh maith le cearta na mban sna Stáit Aontaithe agus i dtíortha eile.

Chan sí ag an searmanas faoinar insealbhaíodh Barak Obama ina Uachtarán ar Mheiriceá i 2009.