skip to main content

Píolótaí Ryanair in Éirinn le dul ar stailc seachtain ó amárach

Píolótaí Ryanair in Éirinn le dul ar stailc seachtain ó amárach
Píolótaí Ryanair in Éirinn le dul ar stailc seachtain ó amárach

Tá píolótaí Ryanair in Éirinn le dul ar stailc lae seachtain ó amárach. Seo an cúigiú lá stailce ag na píolótaí. Píolótaí atá fostaithe go díreach ag an gcomhlacht atá i gceist.

Beidh píolótaí Ryanair sa Bheilg agus sa tSualainn ar stailc an lá céanna.

Tá píolótaí an chomhlachta sa Ghearmáin agus sa Bheilg le dul ar stailc freisin ach níl an lá deimhnithe acu fós.

I ráiteas a d’eisigh Fórsa, ceardchumann na bpíolótaí in Éirinn, cuireadh an milleán ar Ryanaor faoin aighneas tar éis don chomhlacht bagairt go bhfaighidís réidh le suas le 200 post nó go n-aistreoidís chun na Polainne iad.