Inniu, Lá Mhic Dara agus pobal Iorras Aithneach agus an ceantar máguaird i gConamara ag ceiliúradh Naomh Mac Dara, Pátrún na mbádóirí agus na n-iascairí. Bhí sé ina lá mealla agus na céadta bailithe amuigh fén aer ar Oileán Mhic Dara ó mhaidin don lá mór oilearthachta agus oidhreachta.  

Bhailigh na sluaite ar Ché an Mhása ar maidin le tabhairt faoi oilithreacht go Cruach na Cara, nó Oileán Mhic Dara mar is fearr aithne air.  

Tá féile Mhic Dara faoi lán seoil anois ach ní bhíonn an deis ag an phobal dul ar an oileán ar an lá i gcónaí mar gheall ar an aimsir. Ach bhí an t-ádh orthu inniu, lá Mhic Dara.

Tá an-mheas ag na hiascairí agus na bádóirí ar a bpátrún. Agus na báid seoil ag dul thar bráid, stríoctar na seolta in ómós don Naomh. Meastar go leanfaidh an mí-ádh bád ar bith nach ndéanfaidh amhlaidh.  

Tá geallta bád ar siúl le 3 lá mar chuid den fhéile, an chuid deiridh díobh i ndiaidh an aifrinn inniu.