Tá Carraig Aifrinn nach raibh tuairisc uirthi le blianta aimsithe arís in eastát tithíochta i gCúil Each i nGaillimh. Creidtear gur baineadh feidhm as an gcarraig le linn ionradh Chromail ar Éirinn i lár an 17ú haois.
Cé go raibh a fhios go raibh an charraig ann, bhí sí curtha síos ar an mapa is deireanaí den cheantar san áit mhícheart. Ach deimhníodh an tseachtain seo caite gur aimsíodh arís í ag bun cul de sac in eastát Bharr na Coille i gCúil Each.
Meastar gur leis an mbliain 1650, nó thart air sin, a bhaineann an charraig. Sin bliain i ndiaidh d'arm Chromail ionradh a dhéanamh ar Éirinn agus bliain sular cuireadh tús le Léigear na Gaillimhe.
Tugadh péindlíthe isteach i gcaitheamh an 17ú haois agus an 18ú haois ag cur srianta ar Chaitlicigh agus ag cur cosc ar an Aifreann. Baineadh leas as carraigeacha móra mar altóirí chun an tAifreann a cheiliúradh faoi rún. Tar éis meánoíche den chuid is mó a thagadh daoine le chéile ag na carraigeacha.

An Charraig Aifrinn i gCúil Each
Deir an staraí áitiúil Damien Quinn go raibh an Doiminiceach an tAthair Uaitéar de Búrca ar dhuine de na sagairt a cheiliúir an tAifreann ag an gcarraig i gCúil Each san 18ú haois.
Dúirt duine d'áitritheoirí Bharr na Coille Josephine Ní Fhinn go bhfuil daoine san eastát an-bhródúil gur ina gceantar féin atá an charraig suite.
Dúirt an comhairleoir cathrach i nGaillimh Frank Fahy go dteastaíonn uaidhsean a chinntiú nach gcuirfidh tithe nua atá le tógáil sa cheantar as don oidhreacht chultúrtha ansin.

Eastát Bharr na Coille, Cúil Each
Beidh searmanas speisialta ar siúl ag an gcarraig i mí Lúnasa lena haimsiú a cheiliúradh agus lena tábhacht stairiúil a aithint.
Tá neart scéalta faoi Charraigeacha Aifrinn sa chuid sin de Ghaillimh le fáil i Seanchas Thomáis Laighléis.
Tuairisceoireacht bhreise: Aodhán Ó Maoileoin