Tá lámhscríbhinní Gaeilge atá á gcoimeád i Leabharlann Náisiúnta na hAlban i nDún Éideann le háireamh ar Chlár Chuimhne an Domhain ag Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO). 

Tá tábhacht stairiúil agus teangeolaíochta as cuimse ag baint leis na lámhscríbhínní seo a scríobhadh idir an 14ú haois agus an 18ú haois. Os cionn 60 imleabhar atá i gceist. 

I nGaeilge Chlasaiceach a scríobhadh an chuid is mó de na lámhscríbhinní. Sin an teanga ardréime liteartha ar bhain scríobhaithe in Éirinn agus in Albain feidhm aisti ar feadh na gcéadta bliain le linn aimsir na Nua-Ghaeilge Moiche (c. 1200-1600). 

Tá Leabhar Deathan Lios Mòir ón 16ú haois i measc na lámhscríbhinní atá sa chnuasach. Leabhar é seo a scríobhadh in ortagrafaíocht Bhéarla na hAlban (Albais) seachas sa chló Gaelach a thugann an chéad léargas dúinn ar chanúint ar leith na Gàidhlig.   

Leabhar Deathan Lios Mòir

Tá sleachta sa Laidin, i mBéarla na hAlban agus i mBéarla caighdeánach sna lámhscríbhinní chomh maith. 

Mar is dual do lámhscríbhinní na linne, tá réimse leathan ábhar iontu - stair, filíocht, scéalta miotaseolaíochta, beathaí na naomh agus ginealas, mar shampla.

Deir UNESCO gur cosaint ar an "díchuimhne chomhchoiteann" is ea Clár Chuimhne an Domhain.

Tuilleadh faoin nGaeilge agus Clár Chuimhne and Domhain anseo