skip to main content

Athchóiriú ar theach Thomáis Uí Chriomhthain ar an mBlascaod Mór

Teach athchóirithe Thomáis Uí Chriomhthain
Teach athchóirithe Thomáis Uí Chriomhthain

Tá an t-athchóiriú ar theach an scríbhneora aitheanta Tomás Ó Criomhthain ar an mBlascaod Mór i gCo Chiarraí críochnaithe ag Oifig na nOibreacha Poiblí agus é oscailte don phobal anois.

I ráiteas a d'eisigh Oifig na nOibreacha Poiblí inniu, deirtear go bhfuil súil acu go bhfaighidh cuairteoirí léargas ar "an saol ar na Blascaodaí go díreach mar a bhí sé agus go bhfeicfidh siad an saol crua a bhí ag pobal na háite sular thréig an 22 duine deireanach an t-oileán faoi dheireadh sa bhliain 1953." 

Taobh istigh

Teach tréigthe gan díon a bhí ann sula ndearnadh athchóiriú ar ardchaighdeán air ar bhealach traidisiúnta, a deir siad. 

Rinneadh athchóiriú ar theach eile sa sráidbhaile stairiúil freisin. Deir Oifig na nOibreacha Poiblí gur thart ar €300,000 an costas a bhí ar athchóiriú an dá theach ar cuireadh tús leis dhá bhliain ó shin. 

Tomás Ó Criomhthain

Tá súil ag lucht an tionscadail, a deir siad, go meallfaidh teach Thomáis Uí Chriomhthain tuilleadh turasóirí chun an réigiúin.