Dúirt Uachtarán na hÉireann, Michael D.Higgins gur trua leis gur ceist chonspóideach í an Ghaeilge ó thuaidh agus nach dtuigeanna sé an cás.
Bhí sé ag tabhairt léacht Harry Holkeri i mbliana in Ollscoil na Ríona,Béal Feirste.
Thug sé ardmholadh do ról phreisbitéirigh i gcur chun cinn na teanga.
Chuir an tUachtarán i gcuimhne don lucht féachána gur cainteoirí Gaeilge a bhí i leath de phreisbitéirigh Uladh tráth agus mhol sé an ról riachtanach a bhí ag preisbitéirigh i gcur chun cinn na teanga.
Tá Stormont gan rialtas le breis is 500 lá anois.
Dúirt an tUachtarán go bhfuil cur i bhfeidhm Chomhaontú Aoine an Chéasta go fóill ina obair idir lámha agus gur chóir cur i gcuimhne dúinn fhéin, ainneoin a lochtanna, gur an comhaontú an dóchas is fearr do gach duine sa Tuaisceart agus sa Deisceart.