Fear ildánach ab ea Liam Ó Muirthile a adhlacadh i mBaile Bhuirne inné. File, drámadóir, iriseoir pinn agus craoltóir araon a bhí ann.

Agus é ag obair do chlár teilifíse RTÉ Súil Thart sa bhliain 1980, chuaigh sé chun cainte le beirt de na cainteoirí dúchais deireanacha Gaeilge i mBoirinn in iarthuaisceart an Chláir.

Faoin am sin, ní raibh ach dornán beag cainteoirí dúchais fágtha i gceantar Bhoirne agus ba mhór an gar a rinne Liam dúinn beirt acu a thaifeadadh. Tá an méid a taifeadadh i gcartlann RTÉ agus le feiceáil anseo thíos. 

Buailte ar an gcladach idir Muiriúch agus Fánóir a bhí na cainteoirí, pointe foircneach na Gaeilge a labhraítí sa mhórcheantar máguaird. 

Labhair sé ar dtús le Tomás Irwin (Ó hEireamhóin nó Ó Ciarmhacáin), as Gleann Eidhneach ó dhúchas, a d'inis dó go raibh triúr eile fanta ar an mbaile ar labhair sé Gaeilge leo. 

Chuaigh sé ar cuairt ansin chuig Maggie Howley (Mairéad Ní Uallaigh) a bhí ag cur fúithi i dteach ceann stáin gan leictreachas ná uisce reatha i bFánóir - 'díthreabh' mar a thug Liam air. 

Ba léir gur ghoill an saol a bhí an bhean bhocht seo a chaitheamh go mór ar Liam. Go deimhin, thiomnaigh sé dán di ina shaothar cáiliúil Tine Chámh a foilsíodh sa bhliain 1984.

San fhíseán thíos, labhraíonn Tomás ar a áit dhúchais, ar a chlann agus ar mhuintir Chonamara. Labhraíonn Maggie ar a muintir, a scoil agus ar an dó croí a bhí uirthi! 

Cainteoirí deireanacha Gaeilge an Chláir, Súil Thart, 8 Eanáir 1981

Maidir le canúint Gaeilge iarthuaisceart an Chláir, deir an tOllamh Brian Ó Curnáin - canúineolaí in Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath - gur canúint Thuamhaineach (Tuadhmhumhain) í. Deir sé go mbaineann sí leis an gcrios cánúintí ó Thiobraid Árann soir go Cill Chainnigh agus Port Láirge agus siar go Co an Chláir. 

Deir an tOllamh Ó Curnáin go bhfuil go leor comhthréithe i gcanúintí na gceantar sin ar fad. Ainneoin iarthuaisceart an Chláir a bheith an-ghar do dheisceart agus d'oirthear na Gaillimhe agus d'Oileáin Árann i ndeisceart Chonnacht, is canúint fíor-Mhuimhneach í. De bharr cúinsí stairiúla sochpholaitiúla, tá sí níos cósúla le canúint Phort Láirge ná canúint na Gaillimhe, a deir sé. 

Bhí Liam ag iarraidh tuilleadh a thaifeadadh leis na cainteoirí dúchais Gaeilge in iarthuaisceart an Chláir ach ag an am sin níor mhair cadhnraí ceamaraí ach tamall gairid. Mar sin féin, seoidín sochtheangeolaíochta a d'fhág sé le huacht ag an saol Fódlach a thugann blaiseadh dúinn ar ilghnéitheacht teanga na hÉireann.

Mar a dúirt Maggie Howley - céad míle slán leis an uair sin!