Fear ildánach ab ea Liam Ó Muirthile a adhlacadh i mBaile Bhuirne inné. File, drámadóir, iriseoir pinn agus craoltóir araon a bhí ann.
Agus é ag obair do chlár teilifíse RTÉ Súil Thart sa bhliain 1980, chuaigh sé chun cainte le beirt de na cainteoirí dúchais deireanacha Gaeilge i mBoirinn in iarthuaisceart an Chláir.
Faoin am sin, ní raibh ach dornán beag cainteoirí dúchais fágtha i gceantar Bhoirne agus ba mhór an gar a rinne Liam dúinn beirt acu a thaifeadadh. Tá an méid a taifeadadh i gcartlann RTÉ agus le feiceáil anseo thíos.
Buailte ar an gcladach idir Muiriúch agus Fánóir a bhí na cainteoirí, pointe foircneach na Gaeilge a labhraítí sa mhórcheantar máguaird.
Labhair sé ar dtús le Tomás Irwin (Ó hEireamhóin nó Ó Ciarmhacáin), as Gleann Eidhneach ó dhúchas, a d'inis dó go raibh triúr eile fanta ar an mbaile ar labhair sé Gaeilge leo.
Chuaigh sé ar cuairt ansin chuig Maggie Howley (Mairéad Ní Uallaigh) a bhí ag cur fúithi i dteach ceann stáin gan leictreachas ná uisce reatha i bFánóir - 'díthreabh' mar a thug Liam air.
Ba léir gur ghoill an saol a bhí an bhean bhocht seo a chaitheamh go mór ar Liam. Go deimhin, thiomnaigh sé dán di ina shaothar cáiliúil Tine Chámh a foilsíodh sa bhliain 1984.
San fhíseán thíos, labhraíonn Tomás ar a áit dhúchais, ar a chlann agus ar mhuintir Chonamara. Labhraíonn Maggie ar a muintir, a scoil agus ar an dó croí a bhí uirthi!
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Cainteoirí deireanacha Gaeilge an Chláir, Súil Thart, 8 Eanáir 1981
Maidir le canúint Gaeilge iarthuaisceart an Chláir, deir an tOllamh Brian Ó Curnáin - canúineolaí in Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath - gur canúint Thuamhaineach (Tuadhmhumhain) í. Deir sé go mbaineann sí leis an gcrios cánúintí ó Thiobraid Árann soir go Cill Chainnigh agus Port Láirge agus siar go Co an Chláir.
Deir an tOllamh Ó Curnáin go bhfuil go leor comhthréithe i gcanúintí na gceantar sin ar fad. Ainneoin iarthuaisceart an Chláir a bheith an-ghar do dheisceart agus d'oirthear na Gaillimhe agus d'Oileáin Árann i ndeisceart Chonnacht, is canúint fíor-Mhuimhneach í. De bharr cúinsí stairiúla sochpholaitiúla, tá sí níos cósúla le canúint Phort Láirge ná canúint na Gaillimhe, a deir sé.
Bhí Liam ag iarraidh tuilleadh a thaifeadadh leis na cainteoirí dúchais Gaeilge in iarthuaisceart an Chláir ach ag an am sin níor mhair cadhnraí ceamaraí ach tamall gairid. Mar sin féin, seoidín sochtheangeolaíochta a d'fhág sé le huacht ag an saol Fódlach a thugann blaiseadh dúinn ar ilghnéitheacht teanga na hÉireann.
Mar a dúirt Maggie Howley - céad míle slán leis an uair sin!