Dúirt Stiúrthóir na Comhdhála Náisiúnta ar an Tumoideachas, An Dr. TJ Ó Ceallaigh nach bhfuil aon cheist ann faoi dheacrachtaí le cumas Gaeilge an mhúinteora scoile ach go bhfuil céimeanna á ghlacadh chun dul i ngleic leis.
Dúirt Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach, COGG go gcuirfidh an polasaí don Oideachas Gaeltachta brú ar an Roinn Oideachas dul i ngleic le deachrachtaí atá ann ó thaobh ganntanas múinteoirí iarbhunscoile le Gaeilge sna hábhair éagsúla.

Cuirfidh Coláiste Mhuire gan Smál tús le M Ed. in Oideachas trí mheán na Gaeilge saor in aisce dírithe ar mhúinteoir Gaeltachta agus Gaelscoile san fhómhar.
Beidh Coláiste Oiliúna Marino ag cur tús le B.Ed san Oideachas trí mheán na Gaeilge i 2019 chun freastal ar riachtanais an pholasaí don Oideachas Gaeltachta.
Ag an chomhdháil náisiúnta faoin tumoideachas a heagraíodh i gColáiste Mhuire gan Smál, rinne lucht léinn, lucht beartais agus oidí scoile cur agus cúitimh ar dhea-chleachtais sa tumoideachas.
Tá 106 bunscoil agus 27 iarbhunscoil cláraithe don Scéim Aitheantais mar ScoilGhaeltachta atá le toiseach san fhómhar.
Faoin Scéim Aitheantais, beidh dualgas ar scoileanna gach ábhar á theagasc trí mheán na Gaeilge, ach amháin Béarla
Dúirt Gabrielle Uí Bhaoill ó Ghairmscoil Chú Uladh i gCo Dhún na nGall go bhfuil obair mhór á chur i gcrích acu agus iad ag ullmhú do thús na scéime aitheantais san fhómhar.
Faoin Scéim Aitheantais mar Scoil Ghaeltachta; cuirfear €1,200 ar fáil do scoileanna le háiseanna teagaisc breise a cheannacht chomh maith huaireanta breise múinteoireachta le haghaidh tacaíocht teanga.
Tá 28 scoil ann nár léirigh spéis sa scéim aitheantais mar Scoil Ghaeltachta. Thug COGG le fios go bhfuiltear ag comhoibriú le heagrais eile chun na scoileanna siúd a mhealladh sa scéim.