Bhí slua mór i dTrá Lí, Co Chiarraí tráthnóna in agóid chiúin le tacú leis na mná atá siar leis an gconspóid a bhaineann leis na tástálacha ailse i mbéal na broinne.
Bhí Emma Mhic Mhathúna, bean ar dúradh léi an tseachtain seo caite go raibh sise ar dhuine de mná agus atá ag fáil bháis mar gheall air, í fhéin i láthair.
Thug Emma Mhic Mháthúna, a fuair toradh míchruinn ar a cuid tástálacha in 2013 agus a bhfuil cúigear clainne aici, aitheasc mar chuid den agóid.
Bhí ár dtauirisceoir Seán mac an tSíthigh i dTrá Lí agus labhair sé le hEmma Mhic Mhathúna agus le Toiréasa Ferris, comhairleoir de chuid Shinn Féin.
Tuilleadh ar Nuacht TG4 beo ag 7