skip to main content

Cosán siúil Shliabh Liag críochnaithe 'i gceann coicíse'

Sliabh Liag
Sliabh Liag

D'fhreastail thart ar 60 duine ar chruinniú i dTeileann, Co Dhún na nGall, aréir faoi Thogra Shliabh Liag, áit ar thug an Chomhairle Contae le fios go bhfuiltear le comhlacht pobail a bhunú go luath leis an bhforbairt a reáchtáil.

Tá an Chomhairle Contae dóchasach go mbeidh cuid de na háiseanna críochnaithe an samhradh seo agus go mbeidh obair ar an gcosán siúil ag teacht chun críche i gceann coicíse.

Tá beagnach €5 milliún caite ar an togra go dtí seo - idir an cosán siúil, na carrchlóis agus leithris. Suas le €800,000 a chosain an cosán féin, a dúradh. 

Dúirt cuid de na daoine a bhí i láthair ag an gcruinniú aréir go bhfuil easpa cumarsáide idir an pobal agus an Chomhairle Contae maidir le dul chun cinn an togra.

Léirigh úinéirí talún ar an Seanbhaile ag Sliabh Liag míshástacht faoin bpraiseach, dar leo, a rinneadh trí bliana ó shin nuair a tugadh na clocha míchearta go barr an tsléibhe leis an gcosán a thógáil.

Dúirt Comhailre Sléibhteoireachta na hÉireann ag an am go gcaithfí an obair a stopadh de bhrí nach raibh na clocha sin oiriúnach don togra. Anuraidh, fostaíodh comhlacht nua - McGowan Engineering as Albain - leis an togra a chríochnú.

Dúirt duine de na húinéirí talún Gene Eoghain Ó Curraighín go bhfuil sé ag siúl an chnoic le 68 bliain agus go ndearna an Chomhairle Contae ciseach den obair.  De thoradh air seo, a dúirt sé, tá damáiste déanta don talamh mar gheall gur fágadh málaí cloch ina luí ar an bhféar agus ar an bhfraoch le trí bliana.

Ainneoin go bhfuil an obair atá déanta le bliain anois snasta, ar seisean, is deacair a chreidiúint go mbeidh sé críochnaithe faoi cheann coicíse. 

Dúirt fear eile Pádraig Mac Giolla Easbuic nach rabh cumarsáid shásúil idir an Chomhairle agus úinéirí talún áirithe agus gur bheag nár chruthaigh an Chomhairle easaontas i measc bailte fearann éagsúla faoin togra. 

Dúirt sagart paróiste na Carraige an tAthair Francis McAteer nach bhfuil a fhios ag úinéirí talún go díreach cén obair atá ar bun.

Mhaígh an Chomhairle nach raibh sé i gceist duine ar bith a fhágáil amach as an gcumarsáid agus nár ghnóthaigh aon duine tada as an bpraiseach a rinneadh.

Thug urlabhraí na Comhairle Contae le fios chomh maith go gcaithfear comhlacht pobail a bhunú le Togra Shiabh Liag a riar agus go gceapfar triúr stiúrthóirí eatramhacha ar an gcomhlacht ar feadh dhá bhliain - duine amháin ón gComhairle Contae agus beirt ó Údarás na Gaeltachta .

Thug sé le fios go gcaithfí ioncam a bhailiú don togra agus dá bhrí sin go ngearrfaí táille ar thurasóirí a bheadh ag iarraidh Sliabh Liag a fheiceáil ón mbliain seo chugainn ar aghaidh.

Dúirt sé chomh maith go gcaithfí cuid den ioncam seo a úsáid le híoc as an gcuid eile den chostas a bhaineann leis an gcosán siúil.