skip to main content

Ráta teip NCT is airde i nDún na nGall

Theip ar 54% de ghluaisteáin i nDún na nGall teastas sábháilteachta a bhaint amach sa tástáil NCT - an ráta is airde sa tír
Theip ar 54% de ghluaisteáin i nDún na nGall teastas sábháilteachta a bhaint amach sa tástáil NCT - an ráta is airde sa tír

Tá an ráta teip is airde do teastas NCT i nDún na nGall san ionad i nDoirí Beaga, le 54% de ghluaisteáin ag teip an teastas a fháil ansin.

Rinneadh scrúdú NCT ar 5,413 carr in ionad Dhoirí Beaga anuraidh agus léiríonn na figiúirí is deireanaí gur theip ar 2,917 dena carranna sin.

Bhí sé cinn de charranna acusan a theip orthu a dúradh a bhí iontach contúirteach de bharr an riocht ina raibh siad. Theip ar 48% in ionad Charn Domhnach, 52% in ionad Bhaile Dhún na nGall agus 51% i Leitir Ceanainn.

Rinneadh scrúdú NCT ar 43,294 carr i nDún na nGall anuraidh. Ba in ionad Leitir Ceanainn a ba mhó a rinneadh tástálacha, áit ar dearnadh tástáil ar 20,445 carr anuraidh.