skip to main content

Niall Blaney sa tóir ar shuíochán Seanaid

Niall Blaney sa tóir ar cheann den dá shuíochán Seanaid i bhfo-thoghchán
Niall Blaney sa tóir ar cheann den dá shuíochán Seanaid i bhfo-thoghchán

Tá an t-iar Theachta Dála ó Fhianna Fáil, Niall Blaney, as Fánaid san iomaíocht do dhá fholúntas i Seanad Éireann faoi láthair.  

Tá sé ainmnithe mar iarrthóir ar an phainéal talmhaíochta i gcuideachta cúigear iarrthóirí eile, agus tá sé ainmnithe fosta ar fhó-phainéal an Oireachtais, i gcuideachta triúr eile.  

D'ainmnigh 9 mball Oireachtais Niall Blaney do na folúntais seo atá ann ó d'fhág Trevor Ó Clochartaigh le dul ag obair in TG4 agus Denis Landy a d'fhág de bharr drochshláinte.

Beidh an vótáil don dá thoghchán seo ar siúl ar an Aoine an 27ú lá de Aibreán, agus tá na páipéir ballóide a gcur sa phost inniu.  

226 ball den Oireachtas a bheas i dteideal vóta a chaitheamh san dá thoghchán sin. Dúirt Niall Blaney le Nuacht an Tuaiscirt tráthnóna inné go bhfuil rún aige go cinnte a bheith páirteach i bpolaitíocht ag leibhéal náisiúnta arís.  

Dúirt sé go mbeidh sé ag díriú go háirithe ar an phainéal atá ainmnithe ag na baill Oireachtais.  Tá Niall Blaney ainmnithe do choinbhinsiún Fhianna Fáil i nDáilcheantar Dhún na nGall.  

Dúirt sé go mbeidh sé ag déanamh a dhícheall a chinntiú go mbeidh méadú ar vóta an pháirtí sa dáilcheantar san chéad olltoghchán eile, bíodh sin le beirt nó le triúr iarrthóirí.  

Bhí Niall Blaney ina Theachta Dála ó 2002 go 2011, d'Fhianna Fáil Neamhspleách agus ansin d'Fhianna Fáil.