skip to main content

Súil ghéar á coinneáil ar Dhún Aonghasa i bhfianaise maidhm thalún

Cuairteoirí ag Dún Aonghasa inniu
Cuairteoirí ag Dún Aonghasa inniu

Tá sé ráite ag Oifig na nOibreacha Poiblí le Nuacht RTÉ-TG4 nach bhfuil aon bhaol follasach ann faoi láthair go dtabharfaidh codanna den aill ag Dún Aonghasa in Inis Mór, Árainn uathu mar a tharla ag Bun Gabhla ar an oileán seachtain ó shin.

Mar sin féin, léiríonn mapaí atá curtha ar fáil ag Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann dúinn go bhfuil Dún Aonghasa suite in áit a bhfuil féidearthacht mhór ann ina bhféadfadh sciorradh talún tarlú (féach an banda dearg idir Ulán na gCrosán agus Dún Aonghasa ar an mapa thíos). 

Ainneoin nach bhfuil aon bhaol follasach ann faoi láthair, deir Oifig na nOibreacha Poiblí go bhfuil siad i mbun a machnaimh ar cheart sainscrúdú a dhéanamh ar an aill ag Dún Aonghasa. Idir an dá linn, a deir siad, tá súil ghéar á coinneáil acu ar an suíomh ar fhaitíos go dtarlódh aon athrú suntasach ar an topagrafaíocht ansin. Rachfar i ngleic le haon dúshlán in am trátha de réir mar is gá, a deir siad.

Séadchomhartha náisiúnta a bhfuil cáil ar fud an domhain air is ea Dún Aonghasa. Dún cloiche a tógadh ar dtús thart ar 1,100 bliain roimh Chríost atá ann. Léiríonn na figiúirí is deireanaí gur thug 126,750 duine cuairt ar an áit anuraidh.

Tá Bun Gabhla suite ceithre chiliméadar siar ó thuaidh ó Dhún Aonghasa agus deir Oifig na nOibreacha Poiblí linn go raibh an aill ansin á creimeadh de réir a chéile le tamall ag an Atlantach sular thug codanna di uathu an tseachtain seo caite. 

Fógraíodh Dé Luain seo caite go bhfuil an Stát le €600,000 breise a chur ar fáil do sheirbhísí cuartaíochta ag Dún Aonghusa - comharthaíocht san áireamh - agus do shéadchomharthaí eile in Inis Mór. Tá fad ciliméadair idir an t-ionad agus an dún féin. 

Deir Oifig na nOibreacha Poilbí go bhfuil ciste acu cheana féin d'fhonn obair athchóirithe a dhéanamh ar shéadchomharthaí náisiúnta agus d'fhonn sábháilteacht cuairteoirí a chinntiú. 

Léiríonn mapa eile d'Inis Mór (thíos) a chuir Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann ar fáil dúinn go bhfuil aillte in áiteanna eile ar chósta theas an oileáin i mbaol tabhairt uathu freisin.

Tá tuilleadh eolais faoi mhapáil Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann maidir le sciorrthaí talún ar fáil anseo

Tuairisceoireacht bhreise: Sorcha Ní Mhonacháin