skip to main content

Beirt maraithe i dtimpiste i mBearna an Choimín, Cill Airne

Beirt maraithe i dtimpiste i mBearna an Choimín, Cill Airne
Beirt maraithe i dtimpiste i mBearna an Choimín, Cill Airne

Maraíodh beirt - fear agus bean - de bharr timpiste gar do Bhearna an Choimín taobh amuigh de Chill Airne i gCo Chiarraí inniu. Tuigtear go raibh an bheirt ag taisteal i gcairt a bhí á tarraingt ag capaillín.

Is cosúil gur iompaigh an chairt ar an mbóthar idir teach ósta Kate Kearney agus Bearna an Choimín ag thart ar 2 a chlog tráthnóna. 

Is cosúil gur turasóirí as Meiriceá a bhí sa bheirt a maraíodh agus gur amach sna caogaidí nó sna seascaidí a bhí siad. 

Tá lucht dlí-eolaíochta an Gharda Síochána ag scrúdú láthair na timpiste.