D'fhéadfadh comharthaíocht i nGaeilge amháin srian a chur ar lucht gnó infheistíocht a dhéanamh sa Chlochán Liath i gCo Dhún na nGall, a deirtear i ndréachtphlean na mbailte straitéiseacha 2018-2024.
Dúirt Paul Christie feidhmeannach sinsearach pleanála i gComhairle Contae Dhún na nGall go bhfuil go leor cainte tarraingthe ag ceist na comharthaíochta Gaeilge ar an gClochán Liath.
Bhí sé molta i dtús ama gur i nGaeilge amháin a bheadh na comharthaí ar an mbaile feasta ach comharthaí dátheangacha a moladh ina dhiaidh sin, a dúirt sé.
Dúirt an comhairleoir contae Éanna Ó Cnáimhsí, Fianna Fáil, go mbeidh rogha ag an lucht gnó maidir le comharthaíocht i nGaeilge amháin nó comharthaí dátheangacha.
Dúirt sé nach dóigh leis go mbeadh tionchar diúltach ar bith ag an bpolasaí seo ar an obair atá ar siúl chun stádas baile seirbhíse Gaeltachta a bhaint amach don Chlochán Liath.