skip to main content

Taidhleoir Rúiseach le cur ar ionnarbadh ag an Rialtas

Ambasáid na Rúise i mBaile Átha Cliath
Ambasáid na Rúise i mBaile Átha Cliath

Tá sé fógartha ag an Rialtas go bhfuil taidhleoir Rúiseach le díbirt as an tír seo i bhfianaise an ionsaí nimhe ar iarspiaire Rúiseach agus a iníon i Salisbury i Sasana ag tús na míosa.

I ráiteas a d'eisigh an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney, dúradh gur tugadh le fios d'Ambasadóir na Rúise in Éirinn go raibh dintiúir duine dá fhoireann taidhleoireachta le cur ar ceal agus go gcaithfeadh an té sin an tír seo a fhágáil.

Dúirt Simon Coveney gur sháraigh an t-ionsaí ar Sergei Skripal na rialacha idirnáisiúnta a bhfuilimid ar fad ag brath orthu ó thaobh slándála agus leasa de.