skip to main content

Taidhleoirí Rúiseacha á ndíbirt ag an Aontas Eorpach

Ambasáid na Rúise i mBaile Átha Cliath
Ambasáid na Rúise i mBaile Átha Cliath

Tá ceithre bhallstáit déag an Aontais Eorpaigh agus na Stáit Aontaithe le taidhleoirí Rúiseacha a dhíbirt i ngeall ar an ionsaí nimhe ar iarspiaire Rúiseach i Sasana ag tús na míosa seo.

Tá an Ghearmáin agus an Fhrainc i measc na dtíortha san Eoraip atá le taidhleoirí Rúiseacha a chur ar ionnarbadh. 

Thug an Taoiseach Leo Varadkar le fios Dé hAoine seo caite go ndéanfaí measúnú slándála ar thaidhleoirí Rúiseacha sa tír seo agus go ndéanfadh sé féin agus an tAire Gnóthaí Eachtracha cinneadh an tseachtain seo an ndíbreofar aon duine acu as an tír.

Tá an Rialtas leis an gceist a phlé ag a gcruinniú seachtainiúil amárach.

Inniu chomh maith, d'ordaigh Uachtarán Mheiriceá Donald Trump go ndíbreofaí trí scór taidhleoir Rúiseach as na Stáit Aontaithe agus tá Ceanada le ceathrar a ionnarbadh.

Ag cruinniú mullaigh sa Bhruiséil an tseachtain seo caite, d'aontaigh ballstáit an an Aontais Eorpaigh gur dóichí gurbh í an Rúis a bhí freagrach as an ionsaí ar Sergei Skripal agus a iníon Yulia agus cuireadh fios abhaile ar Ambasadóir an Aontais sa Rúis.