Fograíodh socrú nua idir RTÉ agus TG4 i dtaca le cúrsaí nuachta Gaeilge de inniu. An mhí seo chugainn a chuirfear i bhfeidhm é.
Faoin socrú nua, tabharfar 'Nuacht RTÉ le TG4' feasta ar an bhfeasachán nuachta a chraoltar ar RTÉ 1 ag 5.40 gach tráthnóna.
Is ó stiúideo nua saindeartha i gceannáras TG4 i mBaile na hAbhann i gConamara a chuirfear an feasachán i láthair. Is ón stiúideo nua sin atá Nuacht TG4 á chur i láthair cheana féin.