skip to main content

Dhá thrilliún troigh chiúbach de ghás ar thrí shuíomh san iarthar

Dhá thrilliún troigh chiúbach de ghás ar thrí shuíomh san iarthar
Dhá thrilliún troigh chiúbach de ghás ar thrí shuíomh san iarthar

Deir comhlacht ón mBreatain go gcuirfidh siad dlús lena gcuid iarrachtaí gás a tharraingt as trí shuíomh atá aimsithe acu san fharraige amach ó chósta Mhaigh Eo.

Measann an comhlacht Europa Oil & Gas gur dhá thrilliún troigh chiúbach de ghás atá sna suímh. Sin dhá oiread an mhéid atá i dTobar Gáis na Coiribe nach bhfuil ach 16 ciliméadar soir ó dheas ó na suímh gháis nua seo.

Deir Europa gur cheart go mbeidís in ann tobar taiscéalach a thochailt faoin mbliain 2020 ach an cead cuí a fháil ón Rialtas i dtosach.

Bheadh súil acu freisin, a deir siad, go bhfaighidís cead leas a bhaint as bonneagar Thobar Gáis na Coiribe leis an ngás a phróiseáil.

Deir an comhlacht chomh maith gur in uisce éadomhain atá an gás agus gur furasta agus gur saoire é a thabhairt i dtír dá bharr sin.