skip to main content

Fiosrúchán faoin ionsaí i Salisbury le tosú

Fiosrúchán faoin ionsaí i Salisbury le tosú
Fiosrúchán faoin ionsaí i Salisbury le tosú

Tá Saineolaithe Idirnáisiúnta ar Airm Cheimiceacha le theacht don Bhreatain inniu chun tús a chur leis an bhfiosrúchán faoin nimh a húsáideadh san ionsaí ar an iar-spíodóir Rúiseach,Sergei Skripal.

Tá sé i gceist ag an toscaireacht bualadh le póilíní.

Is ón eagraíocht idirnáisiúnta, a bhfuil sé mar aidhm aige airm cheimiceacha a chosc na saineolaithe seo agus beidh siad san Ionad Taighde Eolaíoch atá faoi choimirce an Roinn Cosanta sa Bhreatain.

Baileoidh an toscaireacht samplaí le tástálacha a chur orthu i saotharlanna atá bunaithe i suas le fiche tír.

Tarraingíodh aird idirnáisiúnta ar chathair Salisbury in iardheisceart Shasana ar an 4ú Márta nuair a rinneadh an t-ionsaí ar Sergei Skripal agus a iníon Julia.

Tá an milléan á chur ar Rialtas na Rúise faoi ionsaí, ní atá séanta ag an Rúis.

Tá Rúnaí Gnóthaí Eachtracha na Breataine, Boris Johnson sa Bhruiséal inniu agus é ag lorg breis tacaíocht pholaitiúil ón Aontas Eorpach agus ó NATO maidir le seasamh na Breataine in aghaidh na Rúise.