D'fhreastal na céadta ar shocraid Liam O' Flynn san Chill, i gContae Chill Dara inniu. 

Bhásaigh an píobaire clúiteach Dé Máirt. Bhí sé 72 bliain d'aois.

As Contae Chill Dara ó dhúchas do Liam Ó Flynn ach bhí ceangal láidir aige le hIarthar an Chláir.

Bronnadh gradam ceoil TG4 air sa bhliain 2007. 

I measc na ndaoine a d'fhreastal ar shocraid Liam O' Flynn, bhí an tUachtarán Michael D. Higgins, agus an ceoltóir Christy Moore chomh maith le ceoltóirí móra eile le rá.

Dúradh gur ceoltóir a thuig an traidisiún i gconaí a bhí i Liam O' Flynn.