skip to main content

Deireadh curtha leis an bhfeachtas cuardaigh i gContae Chorcaí mar chuid den bhfiosrúchán faoi Tina Satchwell atá ar iarraidh

Deireadh le cuardach i gContae Chorcaí do Tina Satchwell
Deireadh le cuardach i gContae Chorcaí do Tina Satchwell

Deireadh curtha leis an bhfeachtas cuardaigh i gContae Chorcaí mar chuid den bhfiosrúchán faoi Tina Satchwell atá imithe ar iarraidh ó anuraidh. 

Deir Gardaí go ndeánfar roinnt mhaith ábhair a scrúdú féachaint an bhfuil baint acu leis an eachtra. 

Chuir Gardaí tús le cuardach i gcoill 40 acra cóngarach do Bhaile na Martra níos luaithe an mhí seo i ndiaidh dóibh eolas a fháil.  

Ní fhacthas Tina Satchwell ó chuaigh sí ar iarraidh nach mór bliain ó shin óna tigh cónaithe san Eochaill i gContae Chorcaí. 

Tá fiosrúcháin déanta ag Gardaí in Éirinn agus thar lear maidir le cás Tina Satchwell atá 46 bliain d'aois.