Tá an píobaire uilleann cáiliúil Liam Óg O'Flynn tar éis bháis. Bhí sé tinn le tamall. Bhí sé 72 bliain d'aois.

Ball den grúpa ceoil traidisiúnta Planxty - in éineacht le Christy Moore, Andy Irvine agus Dónal Lunny - a bhí ann. Bhain an grúpa aitheantas idirnáisiúnta amach sna seachtóidí.

I gCo Chill Dara a rugadh Liam O'Flynn agus bhí ceol ag a mhuintir. 

Thug sé faoin bpíob uilleann ag aois an-óg agus faoin am gur bhain sé aon bhliain déag amach bhí an píobaire mór le rá Leo Rowsome ag tabhairt ranganna dó.

Planxty

Nuair a scoir Planxty sna hochtóidí lean sé air ag casadh ceoil agus mhair a cháil.

Ceann de na tionscadail cheoil is mó a bhfuil sé luaite leis is ea The Brendan Voyage a chum Shaun Davey agus ar meascán den cheol traidisiúnta agus den cheol clasaiceach é.

Sheinn Liam O'Flynn in éineacht le ceoltóirí clúiteacha eile ar nós Kate Bush, Emmy Lou Harris agus Mark Knopfler. 

Bronnadh Gradam Ceoil TG4 ar Liam O'Flynn sa bhliain 2007.