Dea-scéal don iora rua! Is cosúil go bhfuil a namhaid – an cat crainn – á chothú in áit á mharú!
Ainmhí dúchasach é an t-iora rua atá san iomaíocht le fada leis an iora glas, ainmhí a tugadh isteach sa tír ó Mheiriceá sa bhliain 1911.
Is mó agus is tréine an t-iora glas, áfach, agus tá líon na n-ioraí rua sa tír ag meath le blianta dá bharr sin. Nuair a bhíonn tóir ag an dá chineál iora ar na hacmhainní céanna, is iondúil gur ag an gceann coimhthíoch a bhíonn rath.
Tá namhaid coiteann ag an dá iora, áfach – an cat crainn – agus léiríonn taighde nua atá déanta ag éiceolaí Éireannach, an Dr Emma Sheehy, in Ollscoil Obar Dheathain in Albain gur mó a chuireann sé isteach ar an iora glas ná ar an iora rua.
Is mó ama a chaitheann an t-iora glas, ná an t-iora rua, ar an talamh agus bia á chuardach aige. Dá bhrí sin, is furasta don chat crainn breith ar an gceann glas.

An cat crainn
Chomh maith leis sin, mar gheall go bhfuil an t-iora rua níos éadroime ná an t-iora glas agus an cat crainn araon, is féidir leis barr na gcraobhacha a bhaint amach agus fanacht amach ón namhaid.
Údar mór áthais é toradh an taighde seo do lucht na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra atá ar a ndícheall le fada ag iarraidh gnáthóga an iora rua a chosaint.
Mar a deir an seanfhocal, dá olcas é Séafra b'fhearr é ná a bheith ina éagmais!*
* Tá an seanfhocal seo le fáil i Seanfhocail na Mumhan (Seanfhocail na Muimhneach) le Pádraig Ó Siochfhradha (An Seabhac). Tá seanfhocal ábhartha eile sa leabhar sin - chomh crosta le farrchat (ainm eile ar chat crainn).
Ciarán Lenoach a scríobh an t-alt seo