D'fhógair an Pápa Proinsias go bhfuil an Eaglais Chaitliceach le naomh a dhéanamh den Ardeaspag Óscar Romero a feallmharaíodh agus é ag léamh an Aifrinn in El Salvador sa bhliain 1980. Déanfar naomh den Phapa Pól VI freisin, a dúradh.

Tá an-mheas ag cosmhuintir El Salvador ar an Ardeaspag Romero agus bhí na sluaite i láthair ag searmanas a bheannaithe sa phríomhchathair San Salvador trí bliana ó shin. 

In 2013, chuaigh an tUachtarán Michael D Higgins go tuama Óscar Romero in Ardeaglais San Salvador lena mheas féin air a léiriú.

Tuama Óscar Romero in Ardeaglais San Salvador

Fórsaí Rialtas El Salvador a mharaigh an tArdeaspag. Maraíodh na dosaein freisin nuair a d'ionsaigh saighdiúirí an slua a bhí ag freastal ar a shochraid. Bhí Easpag na Gaillimhe Éamon Casey i measc na ndaoine a d'fhreastail ar an tsochraid agus a chonaic an sléacht.

Tá gradam agus ciste ainmnithe i ndiaidh Óscar Romero ag carthanas na hEaglaise Caitlicí in Éirinn Trócaire.