skip to main content

Gaeilge iarthar Ros Comáin faoi chaibidil i leabhar nua

Dermot Morris
Dermot Morris

Tá meath na Gaeilge in iarthar Ros Comáin ón ochtú haois déag i leith ar cheann de na hábhair a chíortar i leabhar nua atá le foilsiú ag an scríbhneoir Dermot Morris. Cuntas ar stair Bhaile an Locha in aice an Chaisleáin Riabhaigh atá sa leabhar.

Tá baint mhór ag Dubhghlas de hÍde le scríobh stair an cheantair. Is ann a bhailigh an scoláire clúiteach cuid mhaith den seanchas a d'fhoilsigh sé agus is ann freisin a chonaic sé an bhataireacht - seanspórt comhraic na nGael - á cleachtadh. Deirtear go deimhin go mb'fhéidir gurbh as an gceantar seo a tháinig an t-amhrán  traidisiúnta An Droighneán Donn.

Eisimirce ba mhó ba chúis le meath na Gaeilge sa cheantar, dar le Dermot Morris. Bhí imirce shéasúrach i gceist nuair a d’imigh fir áitiúla ag spailpínteacht go Sasana don samhradh ach bhí go leor eile a chuaigh ar imirce agus nár tháinig ar ais riamh, a deir sé.

In ainneoin iarrachtaí an Ídigh an teanga a choinneáil beo thart ar an gCaisleán Riabhach, ba threise an chumhacht a bhí ag an mBéarla sa deireadh, a deir sé. 

Cuid de na pictiúir de Bhaile an Locha i leabhar Dermot Morris

Ceapann Dermot go raibh an ceantar seo ar cheann de háiteanna ba thúisce a chaill an Ghaeilge mar theanga choiteann an phobail in iarthar na tíre. Ar ndóigh, bhí sí á labhairt fós ag roinnt daoine suas go dtí an dara leath den chéad seo caite. 

Éistear, mar shampla, leis an dá thaifeadadh seo de bheirt chainteoirí* as Ros Comáin a rinne Karl Tempel - cúntóir an teangeolaí Ghearmánaigh Wilhelm Doegen -  in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i mí Mheán Fómhair na bliana 1930.

Cigire scoile agus síceolaí oideachais leis an Roinn Oideachais ab ea Dermot Morris. Chaith sé seal freisin mar leachtóir in Ollscoil Luimnigh. As Baile an Locha dó agus dá bhean Mary. Tá garchlann acu sa Spáinn agus is ar mhaithe leo siúd a chinn Dermot stair Bhaile an Locha a scríobh.  

Tuilleadh eolais faoi Mháire Eibhlín Sairséal (Mary Ellen Sarsfield) agus Thomás Mag Fhionnlaigh (Thomas Ganley)

Tuairisceoireacht breise: Irene Ní Nualláin